Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí (CETB) tiomanta dá chinntiú go gcomhlíonann na cúrsaí agus na cláir a fhorbraítear agus a thairgtear d'fhoghlaimeoirí riachtanais mhargadh saothair an gheilleagair áitiúil agus náisiúnta. Tá idirghníomhú le gnó agus tionscal riachtanach chun ár soláthar cúrsaí a fheabhsú agus a leathnú agus chun freastal ar na ganntanais scileanna agus na bearnaí sna hearnálacha éagsúla. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil an leibhéal agus an caighdeán cuí scileanna 'réidh don phost' ag ár gcéimithe a theastaíonn ó fhostóirí.
Chomh maith le seachadadh an oideachais ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tá an BOOC freagrach as Breisoideachas agus Oiliúint (FET) i gceantar chathair agus chontae Chorcaí agus cuireann sé réimse leathan cúrsaí ar fáil trí Choláistí agus Ionaid ó Leibhéil 1 go 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí https://nfq.qqi.ie/ do dhaoine os cionn 16 bliana d'aois. Is céad rogha é FET do go leor daoine agus is féidir leis bealach a chur ar fáil do shaol na hoibre agus don Ardoideachas.
Naisc Úsáideacha
Treoir maidir le Tionscal Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chorcaí
Cliceáil ar an treoir thíos chun féachaint air nó le híoslódáil.
Tá tuairimí na bhfostóirí tábhachtach dúinn
Chun a fháil amach conas is féidir le Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí tacú le do ghnó, déan teagmháil le:
Máire Ní Lenihan
Oifigeach Idirchaidrimh Tionscail
21, Cé Lavitt, Corcaigh.
Guthán: (021) 490 7741
e: mary.lenihan@corketb.ie