Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí (BOO Chorcaí) agus a fhoireann tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar, ar bhealach éifeachtúil agus cúirtéiseach dár gcustaiméirí go léir, de réir na 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí do chustaiméirí agus do chliaint na Seirbhíse Poiblí.
Má tá aon cheisteanna agat nach ndéileáiltear leo inár gCairt nó Nósanna Imeachta thíos, seol ríomhphost chuig customercare@corketb.ie.

Suirbhé Comhairliúcháin ar an bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí ag forbairt a Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2023-2026 faoi láthair. Táimid tiomanta do sheirbhís éifeachtach agus chúirtéiseach a sholáthar dár gcustaiméirí go léir de réir na 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. Tá ár gcustaiméirí inmheánach agus seachtrach, agus cuimsíonn siad foghlaimeoirí, tuismitheoirí, baill foirne, baill den Bhord Bainistíochta. d'fhostóirí agus do dhaoine den phobal.
Mar chuid den phróiseas forbartha, tugann BOO Chorcaí cuireadh dá chustaiméirí go léir a n-aiseolas a thabhairt ar ár leibhéil reatha seirbhíse agus aon réimsí a shainaithint a dteastaíonn tuilleadh forbartha agus feabhsaithe uathu. Tugann BOO Chorcaí cuireadh duit anois páirt a ghlacadh i suirbhé chun do thuairimí agus do mholtaí a chur ar fáil a bheidh mar bhonn eolais d'fhorbairt na gcuspóirí agus na ngníomhartha atá mar bhonn agus mar thaca ag an bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí. Tá an suirbhé ar fáil anseo.
Dúnfar na haighneachtaí Dé Máirt2 Bealtaine ag 5.00pm