
Tá gealltanas sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, gur chóir gach Ordú Ceannaigh ó Roinn nó Gníomhaireacht Rialtais ar €20,000 nó os a chionn a fhoilsiú ar líne faoi dheireadh 2012. Léirigh sé seo tiomantas níos luaithe i gClár an Rialtais. Úsáidtear ceannacháin i BOO Chorcaí chun íocaíochtaí/aisíocaíochtaí a dhéanamh, lena n-áirítear deontais do chomhlachtaí poiblí eile agus aisíocaíochtaí tuarastail do bhaill foirne ar iasacht. Tá léirmhíniú déanta againn ar ghealltanais an Phlean Athchóirithe mar thagairt d'íocaíochtaí le haghaidh earraí nó seirbhísí a soláthraíodh agus dá bhrí sin tá aon íocaíochtaí eile fágtha ar lár againn. Tá Orduithe Ceannaigh curtha as an áireamh againn freisin dá gcuirfí bac ar a bhfoilsiú faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.
2012
2013
2014
2015
2016
2017
2018
2019
2020
2021
2022
2023
2024