Fógraí TábhachtachaNuachtDeimhníonn an tAire Foley agus an tAire Madigan BOO Chorcaí mar phátrúin ar scoil speisialta nua i gCarraig Uí Leighin

Tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais Norma Foley TD agus ag an Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD go mbeidh an scoil speisialta nua i gCarraig Uí Leighin a fógraíodh le déanaí ag feidhmiú faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí (BOO Chorcaí).

Beidh sé d'acmhainn ag an scoil speisialta nua seo 48 áit scoile a chur ar fáil agus déanfaidh sí soláthar do riachtanais leanaí a bhfuil uathachas agus míchumas foghlama ginearálta orthu suas le hocht mbliana déag d'aois.

Cuirfidh an scoil nua seo, atá le bunú i gCarraig Uí Leighin, áiteanna ar fáil do na daltaí sin nach bhfuil áit speisialta scoile acu go fóill do Mheán Fómhair 2021.

Tá an Roinn, in éineacht leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE), ag obair le tuismitheoirí, scoileanna, comhlachtaí pátrúnachta agus páirtithe leasmhara eile i gCorcaigh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas socrúcháin scoile speisialaithe atá ann faoi láthair do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i gceantar Chorcaí. D'fhógair an tAire Foley agus an tAire Stáit Madigan bunú na scoile seo ar an 16 Aibreán.

Tá fáilte curtha ag an Aire Foley agus Madigan araon roimh thiomantas láidir BOO Chorcaí don scoil nua seo agus d'athdhearbhaigh siad tiomantas a Roinne a chinntiú go leanann an obair ar aghaidh chun na háiteanna seo a chur ar fáil a luaithe is féidir.

Tá 33 rang speisialta i 15 scoil faoi láthair agus tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí mar phátrún orthu.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí: "Tá ríméad ar BOO Chorcaí gur bronnadh pátrúnacht na Scoile Speisialta is nua i gCorcaigh air. Táimid ag súil le bheith ag obair leis an Roinn Oideachais agus le páirtithe leasmhara eile chun scoil a sheachadadh a chuirfidh oideachas agus cúram ar ardchaighdeán ar fáil dár ndaltaí go léir. Beidh an scoil nua lonnaithe i gCarraig Uí Leighin. Tá tús curtha cheana féin leis an obair lena chinntiú go bhfuil gach rud i bhfeidhm chun an scoil nua a oscailt i mí Mheán Fómhair. Leanfaimid orainn ag BOO Chorcaí ag cur conair ar fáil do gach foghlaimeoir agus ag feabhsú acmhainní agus áiseanna oideachais dár mbunscoileanna, dár n-iar-bhunscoileanna agus dár gcoláistí Breisoideachais ar fud na cathrach agus an chontae."

Dúirt an tAire Foley: "Tá tiomantas láidir ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí don chuimsiú agus tá áthas orm go dtabharfaidh siad an traidisiún agus an cur chuige seo do cheannaireacht na scoile nua.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach in oscailt na scoile nua agus gach rath a ghuí orthu sna hullmhúcháin don scoilbhliain seo chugainn."

Dúirt an tAire Madigan: "Ar fud Chorcaí tá go leor grúpaí ag obair ar son daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a dteaghlaigh; Ba mhaith liom ómós a thabhairt dóibh go léir as an obair a dhéanann siad agus táim ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth leo amach anseo.

"Cuirfidh an scoil nua seo áiteanna ar fáil do na daltaí sin nach bhfuil áit acu go fóill do Mheán Fómhair 2021. Léiríonn bunú na scoile ár dtiomantas leanúnach d'áiteanna scoile cuí a sholáthar do gach dalta agus an ról tábhachtach atá ag scoileanna speisialta inár gcóras oideachais. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na páirtithe leasmhara ar fad a raibh baint acu leis seo a chur i gcrích."