Cosaint Sonraí

Tá BOO Chorcaí faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus, dá réir sin, tá sé cláraithe le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Tugann na hAchtanna um Chosaint Sonraí cearta príobháideachais do dhaoine aonair a bhfuil a gcuid faisnéise pearsanta i seilbh nó faoi rialú BOO Chorcaí. Cuireann na hAchtanna seo oibleagáidí ar BOO Chorcaí freisin maidir leis an gcaoi a ndéantar na sonraí seo a phróiseáil agus a stóráil. Le linn a ghnó, próiseálann BOO Chorcaí faisnéis phearsanta a bhaineann le daoine aonair ar nós baill foirne, mic léinn, tuismitheoirí, etc. Mar thoradh air sin, tá freagrachtaí fairsinge ar BOO Chorcaí maidir leis an bhfaisnéis seo a chosaint agus rochtain a sholáthar uirthi, arna iarraidh sin, ag na daoine lena mbaineann sé.

Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí seo a chinntiú, forbraíodh agus cuireadh na beartais seo a leanas i bhfeidhm ar fud na heagraíochta:

  • Polasaí Próiseála Sonraí
  • Beartas agus Nósanna Imeachta Bainistíochta Sáruithe Sonraí
  • Beartas CCTV
  • Sceideal Coinneála Taifead

Is é Kerrie Dixon an tOifigeach Cosanta Sonraí do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí. Is iad na sonraí teagmhála ná 021-4907100 nó trí ríomhphost ag dataprotection@corketb.ie .

Tá an Fhoirm Iarratais chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fáil le híoslódáil ag: Foirm Iarratais ar Rochtain Sonraí 2018 (PDF)

Rialtas na hÉireann
Arna chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach
Oibreacha Foghlama Solas
Lógó QQI