ImeachtaíNuachtLógó YR Chorcaí

Chinn BOO Chorcaí comórtas a reáchtáil i measc daoine óga idir 15-20 bliain d'aois in Ionaid Ógtheagmhála agus Oiliúna Pobail chun feasacht Covid 19 a mhéadú maidir le gníomhartha is féidir a dhéanamh chun a sábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile ina bpobail a chinntiú. Táimid thar a bheith sásta leis an líon nó leis na hiontrálacha agus táimid thar a bheith bródúil as gach duine a ghlac an t-am chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Comhghairdeas leis na buaiteoirí.  Cliceáil ar na naisc thíos chun a n-iontrálacha a chloisteáil agus a fheiceáil
An Chéad Áit – Guy Furlong, foghlaimeoir in Ógtheagmháil Bheanntraí – Rapcheol Covid 19

An Dara hÁit – Denise Cawley, foghlaimeoir in Ionad Oiliúna Pobail na Linne Duibhe – Dán Covid 19

An Tríú hÁit – Sloane Quirke, foghlaimeoir in Ógtheagmháil Mhainistir Fhear Maí – Póstaer Covid 19