Próisis Chinnteoireachta BOO Chorcaí

Próisis chinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais

Earcaíocht Foirne

Earcaíonn BOO Chorcaí baill foirne le haghaidh réimse leathan deiseanna gairme. I measc na ngnáthfholúntas tá Múinteoirí, Príomhoidí, Leas-Phríomhoidí, Comhordaitheoirí Cláir, Teagascóirí, Foireann Riaracháin agus Cothabhála.  Tá earcaíocht faoi réir rialacháin na Roinne Oideachais agus Scileanna, leithdháiltí foirne agus buiséid agus an Scéim Náisiúnta Ath-imlonnaithe. Líontar formhór mór na bhfolúntas trí chomórtas oscailte.

Fógraítear gach folúntas le haghaidh comórtais oscailte ar thairseach earcaíochta ar líne BOO Chorcaí ag: www.cork.etb.ie/vacancies/ agus láithreáin ghréasáin atá faofa ag an ROS. Fógraítear gach folúntas le faisnéis ar nós an Cur Síos ar an bPost, Sonraíocht an Duine agus eolas eile d'iarratasóirí. Ní mór d'iarratasóirí na riachtanais incháilitheachta a chomhlíonadh chun go gceapfar iad.

Tá sé mar pholasaí ag BOO Chorcaí a chinntiú go n-earcófar na hiarratasóirí den chaighdeán is airde do gach folúntas, ar bhealach éifeachtúil, cothrom agus comhsheasmhach, saor ó aon idirdhealú. Féach ar ár bpolasaithe earcaíochta anseo.

Cóid Iompair

Tá gach cód iompair a oibríonn faoi BOO Chorcaí ar fáil anseo.

Tionscadail Tógála Caipitil

Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) maoiniú ar fáil do thionscadail tógála caipitil faoi chatagóirí éagsúla.

Mórthionscadail:

Cuirtear maoiniú ar fáil chun scoileanna nua a sholáthar agus síntí móra ar scoileanna atá faoi shainchúram BOO Chorcaí faoi chláir cúig bliana an Rialtais d'infheistíocht chaipitil i scoileanna sna tréimhsí ó 2012 go 2016 agus ó 2017 go 2021. Cuireann BOO Chorcaí cúnamh riaracháin ar fáil freisin maidir le tionscadail tógála caipitil a bhaineann le scoileanna nach scoileanna BOO iad.

Mionthionscadail:

Ceadaíonn an ROS maoiniú agus bainistíocht cineachta do BOO Chorcaí maidir le raon leathan mionthionscadal caipitil i scoileanna BOO Chorcaí sna catagóirí seo a leanas:

        • Síntí beaga ar scoileanna e.g. Aonaid Ranga ASD, Seomraí Eolaíochta, srl.
        • Sain-Chóiríocht Seomra Ranga
        • Cóiríocht Shealadach
        • Tionscadail Scéim na nOibreacha Samhraidh
        • Scéim Deontas Oibreacha Éigeandála

 

Tá eolas maidir le gach tionscadal tógála reatha ar fáil anseo.

Toghcháin BOO

Toghtar comhaltaí BOO Chorcaí de réir Alt 30 den Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013. Tá 21 comhalta ar an mBord, ina bhfuil:

      • 12 chomhalta tofa ag an Údarás Áitiúil (Ainmnithe na Comhairle Cathrach/ Contae)
      • 2 bhall foirne (Ainmnithe Foirne)
      • 2 thuismitheoir mac léinn nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe acu (Ainmnithe Chumann na dTuismitheoirí).
      • 5 chomhalta arna gceapadh ag an Aire Oideachais agus Scileanna ó chomhlachtaí a bhfuil spéis ar leith acu san oideachas agus san oiliúint nó a bhfuil eolas acu ar an oideachas agus ar an oiliúint.

De ghnáth is é 5 bliana an téarma oifige do chomhaltaí.

Nósanna Imeachta Rollaithe Mac Léinn

Tá a bpolasaí rollaithe féin ag gach scoil/ionad oideachais agus oiliúna a chinntear agus a chuirtear i bhfeidhm ag an leibhéal áitiúil, ag brath ar chúinsí atá i réim. Ba chóir do mhic léinn ionchasacha agus/nó dá dtuismitheoirí teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na scoileanna/ionaid maidir le rollú. Tá sonraí teagmhála ar fáil anseo nó ar shuíomhanna gréasáin scoile/ionaid aonair.

Scéim Dámhachtainí na Mac Léinn

Tá BOO Chorcaí an-bhródúil as gnóthachtáil agus forbairt acadúil ard a chuid mac léinn i ngach gné dá n-oideachas agus dá n-oiliúint.

Chun é seo a cheiliúradh, feidhmíonn scéim dámhachtainí mac léinn gach bliain agus reáchtáiltear searmanas bronnta ag deireadh gach bliana chun aitheantas a thabhairt d'éachtaí na mac léinn. Tugtar aitheantas cuí dóibh siúd a bhfuil na caighdeáin is airde bainte amach acu go hacadúil, go ceolmhar, go cultúrtha agus ar réimse an spóirt, agus a chuir go mór le pobal na scoile le linn a gcuid oideachais.

Lógó QQI
Rialtas na hÉireann
Arna chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach
Oibreacha Foghlama Solas