GradaimCúrsaíImeachtaíNuachtGlao Grianghraf UCC

Tá Gaelcholáiste Mhic Shuibhne sa cheathrú bliain forbartha anois agus chuir siad fáilte roimh rang nua den chéad bhliain i mí Mheán Fómhair. Tá an Gaelcholáiste ag dul ó neart go neart agus tá an-tóir air do dhaltaí ón taobh ó thuaidh de Chathair Chorcaí atá ag iarraidh leanúint lena n-iarbhunoideachas trí mheán na Gaeilge. Tá na daltaí i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne ag baint taitnimh as a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Léirítear rath leanúnach Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne i gcaighdeán ard na ndaltaí atá ag freastal ar an gcoláiste. Mealltar tuismitheoirí tríd an oideachas d'ardchaighdeán atá ar fáil trí mheán na Gaeilge, an rogha leathan ábhair agus méid an ranga bhig.

Bhronn Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, scoláireachtaí ar sheisear mac léinn, Devon Doherty, Aaron Hennessy, Michael O'Brien, Leah O'Driscoll, Shay O'Leary agus Aindriu O'Loinsigh le déanaí.

Ag searmanas speisialta chun na gradaim a chomóradh Dé Céadaoin 21Meán Fómhair , d'óstáil an tOllamh Ó Macháin, agus Ceann Forbartha Teanga, an tUasal Seán Ó Broin, na mic léinn agus a dteaghlaigh. Bhronn an tOllamh Stephen Byrne, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir in UCC, na gradaim.

Tá an comhoibriú idir Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus Gaelcholáiste Mhic Shuibhne lárnach i bhforbairt rathúil an Ghaelcholáiste.

Thar ceann UCC, dúirt an tOllamh Ó Macháin: "Tá baint ag UCC leis an nGaelcholáiste eisceachtúil seo ó osclaíodh é in 2019. Tá an-áthas orainn an t-ardchaighdeán teagaisc atá ar fáil do dhaltaí a fheiceáil agus an dul chun cinn iontach a dhéanann siad ó bhliain go bliain. Le tionscnaimh mar seo, táimid ag forbairt bealaí tábhachtacha tríd an dara leibhéal agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, agus is buntáiste é sin do chách".

Agus é ag freagairt don Ollamh Ó Macháin, chuir an tUasal Pat McKelvey, Stiúrthóir Scoileanna, BOO Chorcaí, a bhuíochas in iúl as tacaíocht agus treoir leanúnach Roinn na Nua-Ghaeilge, UCC san iarracht seo. Ghabh sé buíochas ach go háirithe leis an Ollamh Ó Macháin as a thiomantas pearsanta don Ghaelcholáiste. Ghuigh sé gach rath ar dhaltaí Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne ina gcuid staidéir agus bhí sé ag súil go mór le borradh an Ghaelcholáiste sna blianta amach romhainn.