ImeachtaíNuachtRoinneann foghlaimeoirí Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a nguthanna ag an bhFóram Náisiúnta d'Fhoghlaimeoirí Breisoideachais agus Oiliúna san Oileán Beag, Corcaigh

Ar an 10Márta, thionóil 74 foghlaimeoir ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí ag cruinniú réigiúnach den Fhóram Náisiúnta d'Fhoghlaimeoirí Breisoideachais agus Oiliúna. Tháinig foghlaimeoirí le chéile chun a dtaithí sa bhreisoideachas agus san oiliúint a roinnt agus thug siad a dtuairimí maidir le conas seirbhísí breisoideachais agus oiliúna a fheabhsú lena chinntiú go raibh siad ag freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí. Bhí an cruinniú ar siúl ag an Radisson Blu, Corcaigh agus bhí foghlaimeoirí ó réimse cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna a chuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí ar fáil.

Is iarracht chomhoibritheach é an Fóram Náisiúnta d'Fhoghlaimeoirí FET idir AONTAS, an Eagraíocht Náisiúnta Foghlama Aosaí; SOLAS, an tÚdarás Breisoideachais agus Oiliúna; Boird Oideachais agus Oiliúna. Bhí an cruinniú seo ar cheann de shraith cruinnithe réigiúnacha a bheidh ar siúl ar fud na tíre i mbliana. Ghlac os cionn 1000 foghlaimeoir as gach cearn den tír páirt sna himeachtaí seo anuraidh.

Tá Éire ar thús cadhnaíochta maidir le tiomantas a thabhairt do ghuth na bhfoghlaimeoirí nuair a bhunaítear Fóram Náisiúnta d'Fhoghlaimeoirí FET. Mar chineál soláthair foghlaimeoirlárnach, tá SOLAS ag iarraidh Breisoideachas agus Oiliúint a dhéanamh freagrúil do riachtanais foghlaimeora. Feidhmíonn an Fóram seo mar bhealach d'fhoghlaimeoirí chun tionchar díreach a imirt ar sholáthar Breisoideachais agus Oiliúna. Mar thoradh ar a gcuid moltaí maidir le feabhsú, tabharfar breac-chuntas soiléir ar mholtaí a roinnfidh AONTAS go díreach le lucht déanta beartas agus le Boird Oiliúna Oideachais.

Ag labhairt di faoi Fhóram an lae inniu, dúirt Niamh O'Reilly, Príomhfheidhmeannach AONTAS: "Tugann an Fóram deis d'fhoghlaimeoirí FET ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a nguthanna a chur in iúl, agus cabhrú le breisoideachas a mhúnlú ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Creideann AONTAS gur saineolaithe iad foghlaimeoirí ar a gcuid foghlama féin, gur féidir leo a aithint cad atá ag obair agus cad iad na feabhsuithe atá ag teastáil chun rath, coinneáil agus dul chun cinn foghlaimeora a chinntiú. Táimid ag tnúth leis an bplé ón bhFóram a úsáid chun tacú le SOLAS agus le Boird Oiliúna Oideachais chun córas oiliúna breisoideachais den chéad scoth a chruthú atá dírithe ar fhoghlaimeoirí."

Dúirt John Fitzgibbons, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna go gcuireann BOO Chorcaí bealach ar fáil do gach foghlaimeoir agus go bhfuil guth an fhoghlaimeora an-tábhachtach do BOO Chorcaí chun eolas a thabhairt maidir le conas ár seirbhís a fheabhsú chun freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí. Tá sé i gceist ag BOO Chorcaí Cairt Foghlaimeora a fhorbairt chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann sé i dteagmháil le foghlaimeoirí agus bailíodh moltaí ina leith sin ar an lá.