FoirgneamhImeachtaíNuacht'Lá stairiúil' de réir mar a aistríonn Gailearaí Ealaíne Crawford ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí chuig Oifig na nOibreacha Poiblí

'Cloch mhíle mhór' agus an Gailearaí le tús a chur leis an gclár athchóirithe caipitil

Tháinig aistriú Ghailearaí Ealaíne Crawford ó choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí chuig Oifig na nOibreacha Poiblí chun críche an1 Iúil tar éis shíniú Ionstraim Reachtúil I.R. Uimh. 306/2021 agus Ordú Dílseacháin I.R. 307/2021.

Dúradh gur "cloch mhíle mhór" don Ghailearaí é an t-aistriú a chur i gcrích ó thaobh phleanáil an chláir chaipitil de. Chuir Cathaoirleach Ghailearaí Ealaíne Crawford, Rose McHugh, fáilte roimh an aistriú a chur i gcrích mar go dtacaíonn sé le Gailearaí Ealaíne Crawford a chuid saothar agus tionscadal caipitil a chur chun cinn.

Thug sí aitheantas freisin don obair iontach a rinne BOO Chorcaí, go háirithe Suzanne Mullins, Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta, a bhí i gceannas ar an bpróiseas seo.

Dúirt sí: "Aithníonn Gailearaí Ealaíne Crawford an caidreamh iontach a bhí aige le BOO Chorcaí agus aithnímid freisin go bhfuil an chathair agus an Stát an-bhuíoch dóibh as an bhfoirgneamh a choinneáil ar iontaobhas agus as tacú leis an nGailearaí i gcaitheamh na mblianta.

"Tá Crawford ar bís anois faoin gcéad chéim eile dá fhorbairt mar Fhoras Cultúrtha Náisiúnta atá ag tabhairt faoi mhóroibreacha athnuachana caipitil agus ina chaidreamh comhoibríoch leis an OPW."

Tá Gailearaí Ealaíne Crawford anois ar tí tabhairt faoi athchóiriú agus athnuachan €28m ar na foirgnimh i bPlás Emmett sa chathair.

Tabharfaidh an deis aonghlúine seo aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le caomhnú, inrochtaineacht, nascacht idir urláir agus spásanna, rochtain agus mar thoradh air sin beidh níos mó spásanna ar oscailt don phobal chomh maith le limistéir stórála athnuaite don bhailiúchán náisiúnta agus d'áiseanna feabhsaithe foghlama agus taiscéalaíochta.

Cuirfidh an infheistíocht stáit seo i nGailearaí Ealaíne Crawford trí Thionscadal 2040 ar chumas Crawford tógáil ar a sheasamh mar cheann scríbe suntasach cultúrtha i lár na cathrach i gCorcaigh.

Dúirt Suzanne Mullins, a rinne maoirseacht ar aistriú fhoirgneamh Ghailearaí Crawford chuig Oifig na nOibreacha Poiblí, gur cloch mhíle a bhí i gcur i gcrích an aistrithe inniu a chuirfidh ar chumas Ghailearaí Ealaíne Crawford CLG leanúint ar aghaidh lena mórchlár oibreacha caipitil.

Dúirt sí freisin: "Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí an-bhródúil as an mbaint atá aige le Gailearaí Ealaíne Crawford agus cé go bhfuil sé brónach i gcónaí píosa teaghlaigh a chailleadh, is é an chéim cheart é d'fhás Crawford agus é ag tabhairt faoi chaibidil nua dá fhorbairt mar Fhoras Cultúrtha Náisiúnta.  Ba mhór an onóir dúinn a bheith páirteach i nGailearaí Ealaíne Crawford ar feadh tréimhse chomh suntasach sin – bhí sé de phléisiúr againn fiú glaoch ar an bhfoirgneamh le blianta fada nuair a bhí ár gceannoifig lonnaithe ann."

D'aithin sí freisin an obair mhór a rinne Gailearaí Ealaíne Crawford thar na blianta agus dúirt sí go raibh sí muiníneach go leanfadh na caidrimh luachmhara a bunaíodh tríd an bpróiseas seo "ar aghaidh i bhfad amach anseo."

D'aithin Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, Denis Leamy, an ócáid chinniúnach agus tá gach muinín aige, cé nach bhfuil baint aige a thuilleadh le Gailearaí Ealaíne Crawford, tríd an mbailiúchán, go leanfaidh BOO Chorcaí ar aghaidh ag cur a gcuid oibre chun cinn agus ag cothú nascanna le mic léinn óna n-institiúidí Breisoideachais agus Oiliúna, amhail Lár-Choláiste Naomh Eoin, Coláiste Tráchtála Chorcaí agus Coláiste Breisoideachais CSN.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley, T.D., "Is cúis mhór áthais dom an reachtaíocht a shíniú chun éifeacht a thabhairt do chaibidil nua i saol na hEalaíne agus an Chultúir do Chorcaigh.  Táim ag súil go mór le feiceáil conas a fhásfaidh agus a fhorbróidh Gailearaí Ealaíne Crawford amach anseo.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O'Donovan, "Is lá suntasach é seo do Ghailearaí Crawford agus d'Oifig na nOibreacha Poiblí araon le haistriú an lae inniu, agus tús le caidreamh comhoibritheach iontach.

"Le blianta fada, bhí ról tábhachtach ag Gailearaí Crawford maidir le hEalaín na hÉireann agus Idirnáisiúnta a chur i láthair i gCorcaigh agus bhí sé ina mhealladh tábhachtach do chuairteoirí áitiúla agus eachtrannacha araon.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí (BOO) as an mbaint mhór a bhí acu le Gailearaí Crawford thar na blianta agus fáilte a chur roimh thús caibidil nua bhríomhar amach anseo," a dúirt sé.