ImeachtaíNuachtFoilseacháinGo h-iontach ar fad! Aonad Gaeilge (Aonad LánGhaeilge) ceadaithe ag an Aire Foley do Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne i gColáiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne

D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, T.D. inniu go bhfuil Aonad Lán-Ghaeilge ceadaithe go hoifigiúil ag Gaelcholaiste Mhic Shuibhne, Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cnoc an Chuilinn, scoil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Is aonad teangeolaíochta é An tAonad Lán-Ghaeilge ina ndéantar daltaí a thumadh i nGaeilge ó thús go deireadh an lae scoile. Feidhmíonn an tAonad laistigh de mháthairscoil ina bhfuil an Béarla mar theanga chumarsáide agus teanga teagaisc na scoile. Tá an tAonad cosúil le scoil bheag, eagraithe agus á reáchtáil trí mhionteanga fad is atá an mháthairscoil á reáchtáil trí ghnáth-theanga an phobail.

Bunaíodh Gaelcholáiste Mhic Shuibhne i gColáiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne den chéad uair in 2019 agus is rogha oideachais eile é do theaghlaigh i gceantar Iarthuaisceart na Cathrach agus neartaíonn sé a thuilleadh polasaí Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí maidir le cuimsiú agus éagsúlacht rogha oideachais atá i measc na bpríomhluachanna atá aige.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD:

"Táim an-sásta leis an bhforbairt atá déanta chun an tAonad seo i gColáiste Mhic Shuibhne a bhunú. Is deis spreagúil í seo do na scoláirí agus dá dteaghlaigh. Guím gach rath ar iarrachtaí gach duine atá bainteach leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge san Aonad."

Nuair a ceadaíodh é inniu, dúirt Príomhoide Choláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne, Phil O'Flynn, Uasal;

"Ní fhéadfadh an t-éacht iontach seo tarlú gan dúthracht, obair chrua agus fís an Leas-Phríomhoide, Neil Creedon, agus foireann Ghaelcholaiste Mhic Shuibhne / Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne. Ón nóiméad a moladh smaoineamh Gaelcholáiste, ba iad díograis agus tiomantas na foirne na príomhthosca chun a chinntiú go n-éireodh leis. Bhí a ndíograis agus a dtoilteanas dul i mbun oiliúna agus uasoiliúna ina gcomhábhair ríthábhachtacha le haghaidh oscailt rathúil. Spreag an paisean atá acu don teanga agus an meas atá acu ar chultúr agus oidhreacht na hÉireann an tionscadal seo ón tús."

Le trí bliana anuas, tá an fhoireann tar éis filleadh ar an scoil iad féin faoi theagasc Sheáin Uí Bhróin ó UCC chun cur lena líofacht agus lena scil sa teanga. Bhí na múinteoirí i Roinn na Gaeilge sa scoil, faoi cheannaireacht Hilary O'Connor, lárnach chomh maith chun an tAonad Lán-Ghaeilge a thabhairt chun críche i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne. Chuir Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, an tOllamh Pádraig Ó Macháin acmhainní, ranganna teanga, treoir agus comhairle ar fáil don fhoireann ó thús deireadh.

Agus í ag cur lóchrann ar na daltaí féin i gColáiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne, dúirt Ms. O'Flynn; "I ndeireadh na dála, is faoi na teaghlaigh áitiúla atá sé vóta muiníne a thabhairt do Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne trína bpáistí a chur chuig an scoil. Is iad na mic léinn féin na habhcóidí is fearr atá againn agus tá siad ag scaipeadh an fhocail go bhfuil siad ag fáil an oideachais den chaighdeán is airde trí mheán na Gaeilge."

Ghabh an tUasal O'Flynn buíochas le Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a thug cead agus tacaíocht ar dtús do bhunú an Aonaid.

Luaigh sí chomh maith cé chomh buíoch is a bhí an scoil as cúnamh Gean Gilger, Oifigeach Polasaí agus Forbartha Oideachais atá freagrach as oideachas lán-Ghaeilge ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) a thug treoir thábhachtach maidir leis an oideachas dátheangach agus a thacaigh go díograiseach leis an nGaelcholáiste.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, Denis Leamy;

"Cuirimid bealach ar fáil ag BOO Chorcaí do gach foghlaimeoir agus feabhsaímid acmhainní agus áiseanna oideachais dár mbunscoileanna, dár n-iar-bhunscoileanna agus dár gcoláistí Breisoideachais ar fud na cathrach agus an chontae ar bhonn leanúnach. Is léiriú é an ceadú seo ón Aire Foley ar an éiteas sin agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil léi as a tiomantas do Ghaelcholaiste Mhic Shuibhne, i gColáiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne."

D'aithin an tUas. Leamy chomh maith gur thionscadal phobail a bhí i gceist leis seo;

''Leis na hiarrachtaí á ndéanamh ag Príomhoide Phil O'Flynn, a baill foirne agus a daltaí díograiseacha, an comhoibriú a rinneadh eatarthu, agus idir teaghlaigh agus institiúidí foghlama cosúil le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, chomh maith leis an tacú don Ghaelcholáiste á thaispeáint ag Comhairleoir Áitiúil agus Iar-Árdmhéara Chorcaí, Tony Fitzgerald, bhí tionscadal pobail uilechuimsitheach le feiceáil anseo, a thaispeánann go soiléir cad a spreagann Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.''

Leanann an fógra seo, ag teacht ar chúl bhronnadh Ghradam mór le rá Joe McDonough chun cultúr, teanga agus oidhreacht na hÉireann a cheiliúradh, ag an Taoiseach, Micheál Martin, T.D., Dé Máirt seo caite, le seachtain cheiliúrtha don scoil.